skip to main content

Fear (36) cúisithe i bhfreastalaí beáir as an Longfort a dhúnmharú i Queens

"Ionsaí gan chúis" a déanadh ar Sarah McNally
"Ionsaí gan chúis" a déanadh ar Sarah McNally

Tá fear 36 bliain d'aois cúisithe i mbean as Éirinn a dhúnmharú i Nua-Eabhrac Dé Sathairn seo caite.

B’as an Longfort do Sarah McNally a bhí 41.

Bhásaigh sí tar éis di a bheith sáite i dteach ósta an Chéilí House i Queens, áit a mbíodh sí ag obair ina freastalaí beáir.

Aréir a tugadh Marcin Pieciak os comhair cúirte faoina dúnamharú.

Tá cúisimh curtha ina leith freisin go raibh 2 scian ina sheilbh.

Tá seoladh ag Marcin Pieciak i Glendale i Queens.

D’fhéadfaí 25 bliain príosúin a ghearradh air má chiontaítear é.

"Ionsaí gan chúis a bhí ann, atá tar éis stangadh a bhaint as an bpobal, gan trácht ar an gcailliúint tubaisteach do mhuintir Sarah McNally" a deir an tIonchúisitheoir Dúiche Melinda Katz.

Tugadh fianaise freisin sa gcúirt gur sháigh Marcin Pieciak é féin freisin tar éis dó an bhean a ionsaí.

San muineál a sháigh sé é féin, ach tuairiscítear go bhfuil bail sheasmhach air tar éis dó cóir leighis a fháil.

Tá sé le bheith os comhair breithimh arís amárach.