Tá treoir nua faoi urraíocht a dhéantar ar staideanna in athbhreithniú atá foilsithe ag an Rialtas ar an bpróiseas faoina mbronntar airgead ón Státchiste ar mhór-bhonneagar spóirt, sula dtiocfaidh babhta nua iarratais ar mhaoiniú amach sa mbliain.
Níl sé i bhfad ó tharraing an t-ainm nua atá buailte ar Pháirc Uí Chaoimh i gCorcaigh caint agus gangaid; Supervalu Páirc Uí Chaoimh atá anois ar an áit, ó dheireadh mhí Eanáir.

Inniu a seoladh go hoifigiúil an t-ainm nua, 7 mbliana ó chuir an Stát €30 milliún i dtreo na hoibre leis an staid a athfhorbairt.
Tá tuairim is an tsuim chéanna i bhfiacha ar CLG Chorcaí de bharr chostas mór an togra ar deireadh.
Díoladh cead an staid a urrú le Supervalu ar mhaithe le cuide den ualach sin a ghlanadh ach chuir sé múisiam ar chuid mhaith.
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin, Teachta Dála de chuid Chorcaigh Lár-Thuaidh, gur chuir sé "an-díomá agus cantal" air.
Tá treoir curtha amach inniu ag an Rialtas dóibh siúd a bheidh i mbun iarratais ar mhaoiniú as seo go ceann roinnt míonna gur chóir d'eagrais spóirt comhráite a bheith acu "le páirtithe leasmhara agus a dtuairim a lorg faoi aon ath-aimniú a bheadh molta ar an staid atá i gceist."
Iarrtar freisin sna treoirlínte nua go gcuirfí stair agus tábhacht na staide ó thaobh cultúir dhe san áireamh sula ndéanfaí athbhrandú.