skip to main content

Coláiste na Tríonóide agus Institúid Marino ag tairiscint cáilíocht nua sa nGaeilge, ach toscairí míshásta gan liúntas

Uachtarán an TUI David Waters ag an gComhdháil i gCill Airne.
Uachtarán an TUI David Waters ag an gComhdháil i gCill Airne.

Ag Comhdháil Aontas Múinteoirí Éireann (an TUI) inniu d'fhógair an tAire Oideachais go mbeadh Coláiste na Tríonóide agus Institúid Marino ag soláthar cúrsaí nua le go mbeadh múinteoirí in ann cáilíocht sa mbreis a bhaint amach sa nGaeilge.

Ach deir toscairí nach mbeidh éileamh ar na cúrsaí mar go bhfuil deireadh curtha leis an liúntas a bhíodh ar fáil tráth do múinteoirí Gaeilge.

Bhailigh toscairí ag an gComhdháil Bhliantúil san INEC i gCill Airne i gCiarraí le rúin a phlé agus le cluas a thabhairt don Aire Oideachais Norma Foley.

D'fhógair an tAire Foley roinnt tograí nua don idirbhliain, ábhair nua san Ardteistiméireacht agus réimse printíseachtaí.

Ina theannta sin beidh leabhra scoile le fáil in aisce ag daltaí an Teastais Shóisearaigh agus bainfaidh 670 iar-bhunscoil leas as sin i mbliana.

D'fhógair an tAire chomh maith scéim úr a thabharfaidh deis do mhúinteoirí a ghabháil ar ais agus cáilíocht a bhaint amach mar mhúinteoirí Gaeilge, i gcomhar le Coláiste na Tríonóide agus Institiúid Oideachais Marino.

Ach deir toscairí le Seomra na Nuachta nach dóigh leo go mbeidh éileamh mór ar an scéim, ceal liúntais.

Léirigh toscairí a gcuid míshástachta freisin leis na scrúdaithe cainte - an scrúdú sa nGaeilge ina measc - a bheidh á rechtáil ag an deireadh seachtaine.

Ag labhairt thar ceann thoscaireacht Chathair Luimní dúirt Caitríona Ní Chátháin go raibh sé ag cur as go mór do dhaltaí agus nár chóir scrúduithe cainte a bheith ar siúl ag an deireadh seachaíne.

Duirt Caitríona go raibh daltaí ag éirí as an nGaeilge agus as teangacha eile dá bharr.

Dheimhnigh an tAire do Sheomra na Nuachta ag an gComhdháil go raibh athbhreithniú beartaithe ar an gceist sin.

I rith imeachtaí an lae chuir toscairí i n-iúl a dtacaíocht do mhuintir Gaza agus an tAire Foley i mbun aithisc.

Dúirt an tAire go raibh sos cogaidh ag teastáil agus gur faoi Iosrael a bhí sé deireadh a chur leis an bhfulaingt i nGaza.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O'Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.