skip to main content

Fear thart ar 35 bliain básaithe de bharr ionsaithe i gCluain Dolcáin

Meitheal na Gardaí ar dualgas Dé Domhnaigh ar an láthair
Meitheal na Gardaí ar dualgas Dé Domhnaigh ar an láthair

Tá fear thart ar 35 bliain d'aois tar éis bháis san ospidéal de bharr an ionsaithe a d’fhulaing sé ag an deireadh seachtaine i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath.

Os comhair theach cónaithe i Radharc na Gráinsí a hionsaíodh é go gairid tar éis a 10 a chlog san oíche Dé Sathairn.

Deir na Gardaí go bhfuil siad ag feitheamh ar thorthaí an scrúduithe iarbháis le treoir a thabhairt don fhiosrúchán.

Níl éinne gafa agus tá siad ag lorg cúnamh an phobail, go háirid ó aon nduine a bhí ar Bhus a 13 as Cluain Dolcáin idir a 9 agus a 10 Dé Sathairn.

Iarrtar ar dhaoine glaoch ar Stáisiún Chluain Dolcáin ar 01 666 7600 nó ar 1800 666 111.