Tá díoltas á bhagairt ag an Iaráin ar Iosrael i ndiaidh an ionsaithe ón aer a rinneadh i bpríomhchathair na Siria,Damascus.
Mharaigh an t-ionsaí sin inné seachtar comhalta de chuid Gharda Réabhlóideach na hIaráine i bhfoirgneamh na consalachta atá lámh le hAmbasáid na hIaráine.
Maraíodh ceathrar eile san ionsaí freisin a d'fhág foirgneamh na consalachta leagtha go talamh.
Níl aon ráiteas tagtha ó Rialtas Iosrael go fóill maidir lenar tharla.
Mhóidigh príomhcheannaire spioradálta na hIaráine, Ayatollah Ali Khamenei go mbeadh aiféala ar Iosrael faoin ionsaí seo.
Dúirt Uachtarán na hIaráine,Ebrahim Raisi gur 'sháraigh an t-ionsaí seo rialacháin idirnáisiúnta agus go mbeadh freagra ag teacht ón Iaráin'.