skip to main content

ASTI le chéile i Loch Garman

Intleacht shaorga ina hábhar don ASTI i Loch Garman
Intleacht shaorga ina hábhar don ASTI i Loch Garman

Intleacht shaorga,tromaíocht ar líne agus ganntan múinteoirí;tá siad sin uilig á bplé agus tuilleadh ag cruinniú cheardchumann Chumann na Meánmhúinteoirí Éire (ASTI) ar cuireadh tús leis i Loch Garman ar maidin inniu.

Bhí an tAire Oideachais Norma Foley i láthair ag ócáid mhór bhliantúil na heagraíochta.

Sheol sise scéim nua sábháilteachta bóithre a bheidh dírithe ar dhaltaí idirbhliana.

Scéim phíolótach í seo agus tiocfaidh sí i bhfeidhm an scoilbhliain seo chugainn.

Thug an tAire Foley aitheasc freisin ar an láthair ag gealladh go mbreathnófaí ar an ghéarchéim maidir le ganntan múinteoirí.

An tAire Foley (ar chlé) ag déanamh a bealaigh isteach ag Comhdháil an ASTI

Deirtear go bpléifear breis is 80 rún ag an gcomhdháil seo a mhairfidh 2 lá eile.

Ach an oiread le ceardchumann an TUI níl an ASTI dall ach oiread ar an ghanntan múinteoirí agus an imirce mhór thar lear ag lorg luach saothair níos fearr.

Is mór i gceist freisin intleacht shaorga agus an tionchar a d'fhéadfadh sé imirt ar an Ardteistiméaracht i gcás thograí agus obair eile bainteach le cúrsaí ábhair ar leith i rith na scoilbhliana.

Rún eile atá á phlé baineann sé le bulaíocht agus cur isteach ar líne agus an gá atá anois ann le reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach ina thaobh.

I suirbhé de chuid an ASTI léirigh beagnach 20% díobh siúd a ceistíodh gur fhulaing siad ó ráitis ar líne.

Ar ndóigh, tarraingíodh anuas freisin cúrsaí pá, caighdeáin agus coinníolacha oibre go ginearálta.