Dúirt iar-Leas Uachtarán Aontas Múinteoirí Éireann (TUI),John MacGabhann go raibh daoine ag fágáil gairm na múinteoireachta in Éirinn mar go raibh saol agus coinníolacha oibre níos fearr le fáil thar lear.
Bhí sé ag labhairt ar an gclár Nuacht a 1 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inniu.
Thug sé le fios nach n-athródh an scéal sin go dtí go gcuirfeadh an Roinn Oideachais deireadh le roinnt coinníólacha atá ann i dtaca le earcú múinteoirí agus poist bhuana a thairiscint dóibh.
Raiméis a thug sé ar ghnéithe áirithe dhe.
Tá breis is 500 toscaire de chuid an TUI ag freastal ar chomhdháil bhliantúil na heagraíochta ar cuireadh tús léi ar maidin inniu.
Mairfidh an chomhdháil seo atá ar siúl i gCill Airne,Co.Chiarraí 3 lá.
Tá súil go dtabharfaidh an tAire Oideachais, Norma Foley aitheasc ag an gcomhdháil ar maidin amárach.
Déanann an TUI ionadaíocht ar bhreis is 20,000 múinteoir agus léachtóir 3ú leibhéal.
Deir sé gur géarchéim anois í an fhadhb maidir le múinteoirí a earcú agus a choinneáil.
De réir an tsuirbhé ar-líne a rinneadh ar bhreis is 700 dá chuid ball, d'fhreagair aon trian de mhúinteoirí a ceapadh le gairid nach bhfuair siad conradh lánuaireanta nuair a earcaíodh iad i dtús ama.
Deir an TUI gur mithid don Rialtas anois postanna lánaimseartha a thairiscint do mhúinteoirí chomh luath agus a cheaptar iad, na liúntais a d'íoctaí le múinteoirí tráth a thabhairt ar ais,breis deiseanna gairme agus aitheantas iomlán a thabhairt don tseirbhís múinteoireachta atá tugtha ag daoine sa ghairm thar lear ar mian leo anois filleadh abhaile.
Teastaíonn breis infheistíochta freisin i gcúrsaí oideachais go ginearálta a deir an TUI.
Deir sé gur ar éigin má tá leath den infheistíocht á déanamh anseo ar an meán ag an dara leibhéal i gcomparáid le tíortha eile an OECD.