skip to main content

Fear cúisithe faoi bhás Sarah McNally i Nua-Eabhrac

Fear cúísithe faoi bhás Sarah McNally
Fear cúísithe faoi bhás Sarah McNally

Tá fear 36 bliain cúisithe faoi bhás mná ón tír seo, Sarah McNally i Nua-Eabhrac tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

Cúisíodh Marcine Piechick, a bhfuil seoladh aige i Queens i rún a bheith aige duine a dhunmharú agus in arm coiriúil a bheith ina sheilbh.

Sáthadh Sarah McNally (41)in eachtra i dteach tábhairne an 'Céilí House' i Maspeth i Queens.

Ó bhaile an Longfoirt Sarah McNally ó dhúchas agus tá aithne mhaith ar a muintir sa bhaile sin.

Bhí Sarah féin ag cur fúithi i Nua Eabhrac le tamall de bhlianta.