Sa Chluiche Ceannais Sraith Allianz na Peile bhuail Doire Baile Átha Cliath i ndiaidh chiceanna píonóis.
2-21 do na 'Dubs' agus 3-18 ag Doire a chríochnaigh an cluiche tar éis 90 nóiméad ach bhuaigh Doire 3-1 na ciceanna éirice.
Bhí Baile Átha Cliath 3 chúilín chun deiridh agus an cluiche seo nach mór thart in am breise ach d'éirigh leo cúl a aimsiú a bhuíochas do Greg McEneaney.
Cluiche é a chonaic roinnt eachtraí foiréigin ar pháirc na himeartha ag teannadh leis an deiridh.
Cuireadh beirt as Baile Átha Cliath den pháirc.
Bhí Doire thar barr sa dara leath agus chuile chosúlacht gur acusan a bheadh an corn tar éis 70 nóiméad.
Bhí bearna de 3 chúilín idir na foirne, Doire chun cinn ag teannadh le ceann scríbe.
Ach ar ais le Baile Átha Cliath, agus sa chic dheiridh den chluiche chothromaigh Con O'Callaghan na foirne.
Am breise mar sin agus na foirne fós cothrom.
Ní raibh ciceanna píonóis na 'Dubs' thar mholadh beirte agus faoin am ar chaill siad a dtriú ceann ní raibh aon bhaol go mbuailfí Doire.
Níos túisce inniu ag an ionad céanna d'éirigh le Dún na nGall an ceann is fearr a fháil ar Ard Mhacha le haon chúilín amháin i gcluiche ceannais Roinn 2.
Chuaigh an cluiche sin é féin go ham breise.