skip to main content

Comóradh Stáit ar an Éirí Amach

Comóradh Stáit ar an Éirí Amach
Comóradh Stáit ar an Éirí Amach

Bhí an tUachtarán Michael D Higgins ina cheann feadhna ar an gComóradh Stáit ar Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath inniu.

I láthair freisin ag an searmanas ag Ard Oifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill bhí an Taoiseach,Leo Varadkar,Tánaiste Micheál Martin agus Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O'Neill.

Ba í an chéad uair ag Céad Aire Chomhthionól Stormont ag a léithid d'ócáid.

Céad Aire an Tuaiscirt Michelle O'Neill

Bhí ionadaithe ó gach réimse de na Fórsaí Cosanta ann freisin agus d'eitil an tAer Chór os cionn an tsearmanais.

Ba é an Captaein Paul Murphy a léigh amach Forógra na Cásca.