skip to main content

Gaza agus an Úcráin ar bharr a ghoib ag an bPápa san Urbi et Orbi

An Pápa Proinsias ag tabhairt beannacht na Cásca
An Pápa Proinsias ag tabhairt beannacht na Cásca

Níor scaoil an Pápa Proinsias géarchéim Gaza ná na hÚcráine thairis ina theachtaireacht bhliantúil Cásca Urbi et Orbi inniu.

In aitheasc a thug an Pápa do na mílte duine a bhí bailithe i gCearnóg Pheadair sa Róimh agus a craoladh ar fud an domhain d'iarr sé sos cogaidh i Gaza agus go scaoilfeadh Hamas saor na gialla ar fad atá aige.

D'iarr sé freisin go dtiocfadh an Rúis agus an Úcráin ar shocrú eatarthu a d'fhágfadh go bhféadfaí príosúnaigh ón dá thaobh a scaoileadh saor tré chóras babhtála.

Tá an cogadh san Úcráin ag réabadh leis i gcónaí, cogadh a thosaigh le ionradh na Rúise i bhFeabhra 2022.

Léirigh an Pápa neart agus brí ainneoin a bhfuil ráite faoina shláinte

Roimhe sin cheiliúraigh an Pápa Aifreann Dhomhnach Cásca agus suas le 30,000 duine bailithe i gCearnóg Naomh Peadar.

Is i gcathaoir rotha a tháinig an Pápa chuig an ócáid.

87 bliain d'aois atá sé anois.

Tá imní léirithe le tamall faoina shláinte. agus cé chomh fada eile a bheidh sé ina phríomhthreoraí ag an suas le 1.3 billiún Caitliceach ar fud an domhain.

Isteach i gcathaoir rotha a tháinig 'Papa',Easpag na Róimhe

Bíodh sin mar atá tuairiscítear gur thug an Pápa a theachtaireacht 10 nóiméad uaidh i dteanga na hIodáilise gan aon ró-dheacracht inniu.

Léiríodh nach raibh mairg air ach oiread i gcaitheamh an tsearmanais dhá uair a chloig ná go deimhin ina dhiaidh sin ag casadh le daoine agus á mbeannú.

Deirtear go mbeidh sé páirteach freisin tráthnóna i dTuras Bhealach na Croise,ócáid nach raibh sé i láthair aici ar Aoine an Chéasta a bhuíochas do chúrsaí sláinte.