Tá beirt eile maraithe ar bhóithre na tíre an deireadh seachtaine seo.
Maraíodh déagóir ag siúl an bhóthair i gCo.Mhaigh Eo inné agus maraíodh rothaí sna seascaidí i gCo.Chill Dara
Tá na gardaí ag iarraidh ar aon duine a mbeadh aon eolas aige faoin tubaiste bóthair inar maraíodh an t-ógánach i gCo.Mhaigh Eo aréir, teacht chun cinn.
Buachaill 17 bliain d'aois a maraíodh i gceantar Chlár Chlainne Mhuiris i ndeisceart an chontae thart ar 9.20.
B'amhlaidh a bhuail carr faoi ar bhóthar an N17 thart ar 5 mhíle ó thuaidh den bhaile.
Tugadh a chorp chuig Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh, áit a gcuirfear scrúdú iarbháis air.
Iarrann na gardaí ar aon duine a bhí ag taisteal an bhóthair idir Clár Chlainne Mhuiris agus Cnoc Mhuire idir 8.45 agus 9.30 dul chun cainte leo ar na huimhreacha seo a leanas 094 937 2080, 1800 666 111, nó teagmháil a dhéanamh le haon stáisiún gardaí.
Maraíodh fear sna seascaidí i gceantar Chnoc na Gaoithe i gCo.Chill Dara inniu nuair a bhuail carr faoin rothar a raibh sé ag taisteal.
Tharla an timpiste sin go gairid tar éis a 11.
Is é an fear sin an 3ú duine atá maraithe ar na bóithre ó chuir na gardaí tús le feachtas seiceála ar thiománaithe don deireadh seachtaine saoire bainc.
Deir na gardaí go bhfuil breis is 100 duine aimsithe acu go dtí seo agus amhras ann go raibh siad faoi thionchar alcóil nó druga mídhleathach.