Tá fear sna fichidí go dona tinn san ospidéal i ndiaidh an ionsaithe a rinneadh air i gContae Bhaile Átha Cliath aréir.
Tháinig sé féin agus fear eile faoi ionsaí lasmuigh de theach cónaithe i gceantar Chluain Dolcáin in iarthar an chontae go gairid tar éis a 10 a' chlog.
Cuireadh cóir leighis ar an dara fear freisin agus deirtear nach bhfuil seisean in aon bhaol báis.
Níl aon duine gafa go fóill.
Tá na gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic tada bainteach lenar tharla teagmháil a dhéanamh leo.