I bpríomhchathair Iosrael,Tel Aviv inné chonacthas mórshiúlta agus agóidí agus bhí ar phóilíní dul i muinín lámh láidir chun iad a cheansú.
Lasadh tinte in áiteanna agus cuireadh bac ar an trácht feadh na mórbhóithre.
Duine den dream a bhí ag léirsiú ba ea Raz Ben Ami, a bhí coinnithe tamall mar ghiall ag Hamas.
Deir seisean gur chóir dul i mbun idirbheartaíochta láithreach ar mhaithe le saoradh na ngiall.
Ghabh mílisteoirí Pailistíneacha suas le 250 giall san ionsaí marfach a rinne Hamas ar shaoránaigh Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.
Níl na figiúirí iomlán cruinn ach creideann Iosrael go bhfuil thart ar 130 fós á gcoinneáil i Gaza cé go meastar breis is 30 díobh a bheith marbh.
Tá brú ollmhór tagtha ar Phríomh Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu na gialla sin a thabhairt slán abhaile.
Inné, d'iarr Raz Ben Ami ar an bPríomh Aire Netanyahu a chinntiú go socraítear sin le linn na gcainteanna sos cogaidh sa Chatar agus gur cheart a rá leis an lucht idirbheartaíochta 'gan filleadh abhaile d'uireasa cheist na ngialla a bheith socraithe'.
Ba leis an ionsaí sin ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh a cuireadh tús leis an tréimhse is deireanaí cogaíochta idir Iosrael agus treallchogaithe Hamas.
De réir fhigiúirí AFP a fuair sé ó Rialtas Iosrael maraíodh suas le 1,160 duine, síbhialtaigh a bhformhór, san ionsaí sin a rinne Hamas isteach thar teorainn in Iosrael.
Spréach an t-ionsaí rialtas Iosrael.
D'fhógair sé cogadh ar Hamas,mhóidigh sé an eagraíocht sin a scriosadh go hiomlán.
De réir na bhfigiúirí ón Aireacht Sláinte i Gaza tá ar a laghad 32,700 duine maraithe,mná agus páistí a bhformhór, sna mórionsaithe atá déanta ag Iosrael ar Gaza ó shin.
Deir Iosrael go bhfuil sé meáite ar Hamas a scriosadh go hiomlán mar go gcreideann sé nach bhfeicfidh an réigiún síochán buan go brách mura ndéantar sin.