Tuigtear go bhfuil cainteanna síochána le tosú in athuair inniu idir Iosrael agus Hamas i bpríomhchathair na hÉigipte, Cairo.
Sin de réir stáisiún teilifíse náisiúnta na hÉigipte,Al-Qahera a bhfuil dlúthcheangal idir é agus seirbhísí faisnéise na tíre.
Deirtear freisin go bhfuil iarrachtaí le tosú in athuair sa Chatar.
Tháinig stráice Gaza faoi thréanionsaí aeir arís aréir.
Deirtear gur buamáileadh roinnt mhaith ospidéal i gcogadh atá ar siúl anois le beagnach 6 mhí.
De réir na dtuairiscí atá curtha ar fáil ag Aireacht Sláinte Hamas maraíodh ar a laghad 75 duine in ionsaithe ó fhórsaí Iosrael.
Níl aon stopadh ar an gcogaíocht ainneoin an rún a tháinig ó Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe beagnach seachtain ó shin ag éileamh sos cogaidh agus go scaoilfí saor na giall ar fad atá á gcoinneáil ag mílisteoirí.
Tá an teannas fiú ag méadú idir Iosrael agus an príomh chomhghuaillí atá aige thar lear,Na Stáit Aontaithe, go háirithe maidir le pleananna Iosrael tréanionsaí a thabhairt faoi Rafah i ndeisceart Gaza.
Bíodh sin mar atá cheadaigh Rialtas Mheiriceá luach na billiún dollar de bhuamaí agus scairdeitleáin cogaidh d'Iosrael le roinnt laethanta anuas.
Suas le 2.4m duine atá ina gcónaí i Stáice Gaza agus gorta mór ag bagairt orthu le tamall anois.
Tá an dara lastas bia ón gCipir ag déanamh an bhealaigh go Gaza inniu.
Áirítear go bhfuil 400 tonna de sholáthairtí i gceist agus 2 bhád ar leith á dtabhairt soir trasna na farraige.
Tá eagraíocht na Náisiún Aontaithe, UNICEF ag iarraidh ar Iosrael cead a thabhairt d'áisíneachtaí cabhracha a mbealach a dhéanamh isteach le bóthar go Gaza.
Ar ndóigh tá an ganntan bia chomh dona sin anois thall ann gur minic le trucail theacht faoi ionsaí sula n-éiríonn leo an bia ar boird a dháileadh ar shlua daoine.
Cuireann sin le líon na marbh a bhuíochas de chaismirtí agus daoine á dtreascairt sa bhrú bocht.
Tharla sé inné gur maraíodh cúigear in eachtra dá léithid de réir tuairisce atá tugtha ag oibrí leighis de chuid an Charráin Dheirg d'iriseoirí an AFP cé nach bhfuil aon taifead dhe sin ag fórsaí Iosrael.
Tá tuairiscí ann freisin gur báthadh daoine agus iad ar a ndícheall ag iarraidh theacht ar phacáistí bia sa bhfarraige.
Cé go bhfuil cúnamh ón aer ag teacht ó thíortha thar lear tuigtear nach leor na pacáistí bia atá á gcaitheamh ó eitleáin agus go dtéann cuid mhaith díobh amú freisin.