Is é an Pápa Proinsias atá ar an stiúir tráthnóna do Bhigil na Cásca i mBaisleach Naomh Peadar ainneoin go bhfuil ceisteanna ardaithe faoina shláinte.
Tharraing sé amach as searmanas Aoine an Chéasta inné, ar bheagán fógra.
Deirtear áfach go mbeidh sé mar phríomhcheiliúraí ag Aifreann na Cásca amárach i gCearnóg Naomh Peadar agus go gcraobhscaoilfidh sé a theachtaireacht 'Urbi et Orbi' don domhan mór.
Tá imní léirithe faoi shláinte an Phápa le tamall agus ceisteanna ardaithe an mbeidh sé i bhfad eile ina cheannaire eaglasta ag an suas le 1.3 billiún Caitliceach ar fud an domhain.
87 bliain d'aois anois atá an fear seo, Jorge Bergoglio, Íosánach ón Airgintín a ghlac cúramaí na Pápachta air féin in Earrach na bliana 2013 nuair a d'éirigh Benedict 16 as ar chiúinsí sláinte.