skip to main content

Cúigear ar a laghad marbh i gcathair Gaza ar maidin

Lár agus tuaisceart Gaza ag teacht faoi thréanionsaí
Lár agus tuaisceart Gaza ag teacht faoi thréanionsaí

Tuairiscítear gur maraíodh cúigear agus gur goineadh cuid mhaith eile i dtuaisceart Gaza ar maidin.

Cathair Gaza a bhí i gceist, tharla sé seo uilig nuair a thug grúpa daoine ruathar faoi thrucailí bia a bhí ag tabhairt soláthairtí ag an bpobal.

Tuigtear gur scaoileadh le roinnt de na daoine agus b'amhlaidh a chuaigh roinnt daoine eile i mullach a chéile.

Tá Iosrael ag ionsaí an stráice go tréan le tamall anois, breis is 50 ionsaí aeir á dhéanamh ag an aerfhórsa ó inné.

Tá an dara árthach a bhfuil soláthairtí daonchabhracha ar bord i ndiaidh an Chipir a fhágáil ag déanamh ar Gaza.

Beag beann ar an daonchabhair a theastaíonn go géar ón réigiún tá Iosrael ag leanacht lena fheachtas cogaíochta i Gaza.

Tá a aird dirithe anois go príomha ar lár agus tuaisceart Gaza.

Deir Rialtas Hamas sa réigiún go bhfuil breis is 80 duine marbh le 24 uair a'chloig.