Leagadh bláthfhleasca inniu i gcuimhne orthu siúd a bhásaigh in Éirí Amach na Cásca.
Ba é an t-iarThaoiseach,Bertie Ahern a thug an óráid ag searmanas speisialta sa Gháirdín Cuimhneacháin i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Ina aitheasc d'iarr Bertie Ahern go ndéanfaí iarracht ar leith ar mhaithe le síochán,athmhuintearas agus lán-pháirtíocht
Is í Cónaidhm Áitritheoirí 1916 a eagraíonn an ócáid seo gach bliain i mbealach neamhpholaitiúil neamhreiligiúnda.