skip to main content

Duine eile tar éis bháis ar bhóithre na tíre

Gardaí ag fiosrú na timpiste i gCo.Thiobraid Árann
Gardaí ag fiosrú na timpiste i gCo.Thiobraid Árann

Tá bean sna tríochaidí tar éis bháis i dtimpiste bóthair i gCo.Thiobraid Árann.

Dhá charr a bhuail faoina chéile aréir ar bhóthar an N24 idir Cluain Meala agus Carraig na Siúire ba chúis leis an timpiste.

Tharla an taisme thart ar a 10 a chlog lámh le Cill Síoláin.

Bhí an bhean a bhásaigh ina paisinéir i gceann de na gluaisteáin.

Tugadh an ceathrar eile a bhí sa timpiste chuig an ospidéal.

Tuigtear nach bhfuil aon bhaol orthusan.

Tá na gardaí i mbun fiosraithe agus ag lorg eolais ón bpobal.