skip to main content

Deichniúr gafa faoi luach €85,000 de channabas

Cannabas tógtha i gCo.Loch Garman
Cannabas tógtha i gCo.Loch Garman

Tá deichniúr gafa ag na gardaí maidir le lear cannabais a fuarthas i gCo.Loch Garman.

Áirítear gur fiú suas le €85,000 an lear san iomlán.

Thángthas ar leath dhe i dteach a bhí á fhás i dtuaisceart an chontae, fuarthas an leath eile le linn do ghardaí ruathar a thabhairt faoi theach cónaithe i ndeisceart an chontae.