Deir na póilíní san Ísiltír go bhfuil na daoine ar fad a bhí á gcoinneáil mar ghialla i siopa caifé thall ansin scaoilte saor anois.
Tá fear amháin gafa faoin eachtra.
Deir na póilíní thall ansin nach dóigh leo go raibh aon bhaint ag ar tharla i mbaile Ede in oirthear na tíre le aon fheachtas sceimhlitheoireachta.
Go moch ar maidin inniu réab fear isteach sa siopa, rinne sé bagairtí agus choinnigh sé an ceathrar a bhí istigh ann mar ghialla.
Bhí ar na póilíní daoine a aslonnú as suas le 150 ionad cónaithe agus gnólachtaí.