Tá sé ráite inniu ag Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil ag géarú ar an imní go mbeidh an Tríú Cogadh Domhanda ann, go háirithe sa gcás go mbeidh coimhlint dhíreach idir an Rúis agus fórsaí a fhaigheann tacaíocht ó NATO.
Tá an toghchán sa Rúis bainte ag Vladimir Putin, dar leis féin. Léiríonn an toradh go bhfuil muinín ag muintir na Rúise as, a deir sé. Tháinig toghchán uachtaránachta na Rúise chun críche inné. Bhí sé ar siúl 15-17 Márta.
Bhí ollbhua ag Vladimir Putin. Vótáil 88% den lucht vótála ina fhábhar. Ach ní raibh ach monatóireacht neamhspleách an-teoranta i bhfeidhm ag an toghchán agus tá go leor de lucht cáinte Putin i bpríosún, nó ar deoraíocht.
Tá Vladimir Putin tar éis a bheith i gcumhacht le 25 bliain anuas agus fágann an toradh seo go mbeidh sé ina Uachtarán ar an Rúis go dtí 2030.
Ach tá an toghchán é féin cáinte go géar ag tráchtairí agus ag ceannairí ar fud an domhain. Tá sé curtha i leith Vladimir Putin gur lig sé do thriúr iarrthóirí eile seasamh ina choinne, ar mhaithe leis an gcur i gcéill, ach nach raibh siad san iomaíocht, i ndáiríre, a líomhainítear. Cuireadh cosc ar cháineadh poiblí a dhéanamh ar Vladimir Putin agus ar a chogadh san Úcráin roimh a toghchán.
Bhí agóidí agus léirsithe i gcoinne Vladimir Putin roimh an toghchán. Deir sé anois nach raibh tionchar ar bith ag na hagóidí sin agus go ngearrfar píonós ar lucht a n-eagraithe amach anseo.
Tá fainic curtha ag Uachtarán Putin ar an Iarthar inniu go bhfuil an domhan mór ag bogadh níos cóngaraí i dtreo an Tríú Cogadh Domhanda, go háirithe sa gcás go mbeidh coimhlint dhíreach idir an Rúis agus fórsaí de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, nó NATO. Ach, a dúirt sé, is cogadh é sin nach bhfuil ag teastáil ó aon duine.
Tá ag géarú ar an imní maidir le cogadh núicléach i bhfianaise an ráitís sin. Tá sé ráite go mion minic ag Vladimir Putin go bhfuil baol ann go mbeidh cogadh núicléach mar thoradh ar an aigheas reatha idir an tIarthar agus an Rúis.
Thug sé le fios freisin go nglacfadh an Rúis smacht ar níos mó limistéar san Úcráin, chun go mbeidh crios maolánach idir an Rúis agus an tIarthar.
Dúirt Rúnaí Cosanta na Breataine, Grant Shapps, go bhfuil Vladimir Putin ar nós Joseph Stalin na linne seo.
Ghabh Ceannasaí na Cóiré Thuaidh, Kim Jong Un, comhghairdeas le Vladimir Putin.