Tá pobal na Rúise ag caitheamh vóta arís inniu i dtoghchán na hUachtaránachta sa Rúis.
Seo í an triú lá vótála, an lá deiridh den phróiseas toghchánaíochta.
A chúigiú téarma oifige atá á lorg ag an uachtarán reatha,Vladimir Putin.
Tá lucht an fhreasúra sa Rúis ag iarraidh ar an bpobal diúltú vótáil do Putin, sin nó a gcuid vótaí a mhilleadh.
De réir na dtuairiscí ón BBC tá slua suntasach daoine bailithe ag ionaid vótála sa phríomhchathair Moscó, agus an chosúlacht orthu gur ag léiriú míshástachta le Putin atá siad.