skip to main content

Buaic bainte amach in LA ag réalt Chorcaí Cillian Murphy

Cillian caithréimeach i Hollywood
Cillian caithréimeach i Hollywood

Tá réalt Chorcaí Cillian Murphy tar éis Gradam an Oscar don Aisteoir is Fearr a chrochadh leis thar oíche i Los Angeles mar thoradh ar a chuid saothair in "Oppenheimer" - an chéad duine de bhunú na tíre seo leis an ngaisce sin a bhaint amach.

D'éirigh le "Poor Things" - léirithe ag an gcuideachta Element Pictures i mBaile Átha Cliath - 4 Oscar a aimsiú, gradam an Bhan-aisteora is Fearr a bronnadh ar Emma Stone, agus gradaim freisin don Smideadh agus Gruaig, Dearadh an Léiriúcháin agus Dearadh an Fheistis.

Emma Stone agus Cillian Murphy aréir
"Beidh tionchar ollmhór ag an nGradam seo" - Ed Guiney ó Element Pictures a léirigh "Poor Things"

7 gcinn de Ghradaim a fuair "Oppenheimer"; An Scannán agus Stiúrthóir agus Aisteoir is Fearr, chomh maith leis an Aisteoir Tacaíochta is Fearr (Robert Downey Jr), Cineamatagrafaíocht (Hoyte Van Hoytema), an Bunscór (Ludwig Göransson) agus Eagarthóireacht (Jennifer Lame).

Buaiteoirí na nGradam Aisteoireachta: Robert Downey Jnr, Da'Vine Joy Randolph, Emma Stone agus Cillian sin-againne!

Sheas an slua san Dolby Theatre agus thug na gártha molta don Chorcaíoch a dúirt go raibh sé "íontach tógtha" agus go raibh "tocht" air.

Ghlac sé buíochas le Christopher Nolan - air ar bronnadh an Oscar don Stiúrthóir is Fearr - agus dúirt sé go raibh sé "faoi chomaoin gach duine beo de chriú an scannáin agus den mheitheal aisteoirí."

Ghlac sé buíochas chomh maith lena mhuintir, Brendan agus Mary, agus le "mo pháirtí sa saol agus sa gceird Yvonne McGuinness agus mo bheirt bhuachaillí Malachy agus Aran" a bhí sa slua. "Is sibh mo chroí."

Cillian agus a pháirtí an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness

"Éireannach bródúil anocht mé imo sheasamh anseo os bhur gcomhair."

Chuir sé clabhsúr lena phíosa cainte ag trácht ar an scannán faoin bhfear a chum an buama adamhach. "Tá muid ar fad anois bíodh sé maith nó olc, sa saol a chruthaigh Oppenheimer, mar sin ba mhaith liom an gradam seo a thiomnú do lucht na síochána i ngach áit."