skip to main content

Coiste Oireachtais ag moladh bás cuidithe agus eotanáis a cheadú

Polaiteoirí ag moladh bás cuidithe agus eotanáis a cheadú
Polaiteoirí ag moladh bás cuidithe agus eotanáis a cheadú

Tuigtear go bhfuil Coiste Oireachtais ag moladh bás cuidithe agus eotanáis a cheadú sa Stát le haghaidh daoine nach féidir a leigheas.

Chiallódh bás cuidithe gurb é an té a dteastaíonn uaidh bás a fháil, gurb é a chuirfeadh deireadh lena shaol féin.

Chiallódh eotanáis gur dochtúir a dhéanfadh an gníomh nuair nach mbeadh an té atá i gceist ábalta é a dhéanamh é féin.

Cuirfear an moladh faoi bhráid an Rialtais gan mhoill.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ