Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst go raibh sé ag brath ar chomhairle dlí nuashonraithe a fháil i gceann cúpla lá maidir le híocaíochtaí iomarcaíochta a tugadh do dhaoine áirithe san eagraíocht.
Tá polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla ag éileamh ar RTÉ tuilleadh sonraí a fhoilsiú i dtaobh na n-íocaíochtaí iomarcaíochta a tugadh d'fheidhmeannaigh shinsearacha le roinnt blianta.
Bhí cruinniú ag Kevin Bakhurst agus ag Cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh leis an Aire Meán Catherine Martin in oifig an Aire inniu.
I ndiaidh an chruinnithe, a mhair os cionn dhá uair an chloig, dhearbhaigh Kevin Bakhurst gur labhair RTÉ le dlíodóirí lasmuigh den eagraíocht ar maidin inniu faoin scéal.
Oscailteacht agus na srianta dlíthiúla a bhaineann leis, b'in í an phríomhcheist a phléigh siad, arsa sé.
Breithneoidh na dlíodóirí an cheist agus cuirfidh siad an chomhairle ábhartha air i gceann cúpla lá, a dúirt Kevin Bakhurst.
Dúirt sé freisin go gcaithfeadh RTÉ aird a thabhairt ar an dlí agus ar chearta gach fostaí san eagraíocht, thar aon rud eile.
Nuair a d'fhiafraigh iriseoir de an raibh sé ar intinn aige éirí as a phost, d'fhreagair Kevin Bakhurst go neamhbhalbh nach raibh ná baol air.
Dúirt sé go deimhin gur sheas sé le gach a ndearna sé ar son RTÉ go dtí seo mar Phríomh-Stiúrthóir, íocaíochtaí iomarcaíochta a cheadú san áireamh.
Is í an tAire Martin a d'iarr an cruinniú inniu i bhfianaise na conspóide faoi íocaíochtaí iomarcaíochta a tugadh do dhaoine áirithe nuair a d'fhág siad RTÉ.
I ndiaidh an chruinnithe, fiafraíodh den Aire an raibh muinín aici as Bord RTÉ agus as Bord Feidhmiúcháin RTÉ. Níor thug sí freagra díreach ar an gceist ach dúirt sí arís eile gur ghá an t-eolas ar fad a chur ar fáil maidir leis na híocaíochtaí iomarcaíochta.
Tuigtear go ndúirt an tAire Martin le Kevin Bakhurst agus le Siún Ní Raghallaigh sa chruinniú go raibh oscailteacht de dhíth le go mbeadh muinín ag an bpobal as RTÉ an athuair agus le go bhféadfadh an Rialtas córas úr maoinithe do na meáin sheirbhíse poiblí a thabhairt isteach.
Níos túisce inniu, dúirt ceannaire pháirtí parlaiminte Fhine Gael Alan Dillon gur chóir do RTÉ ainm gach feidhmeannaigh san eagraíocht a fuair íocaíocht iomarcaíochta ó 2016 a fhoilsiú, chomh maith leis an méid a híocadh leo.
Ball de Chomhchoiste Oireachtais na Meán agus den Choiste um Chuntais Phoiblí araon is ea Alan Dillon.
Dar le ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur cheart do RTÉ tuilleadh sonraí faoi na híocaíochtaí iomarcaíochta a nochtadh agus dúirt sí gur mhór an náire go mb'éigean an t-eolas a fháscadh as an eagraíocht deoir ar dheoir go trásta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ