skip to main content

€450,000 a íocadh le Breda O'Keeffe nuair a d'fhág sí RTÉ

IarStiúrthóir Airgeadais RTÉ Breda O'Keefe
IarStiúrthóir Airgeadais RTÉ Breda O'Keefe

Tháinig bainisteoirí sinsearacha in RTÉ os comhair Choiste Meán an Oireachtais arís inniu le tuilleadh ceisteanna a fhreagairt faoi na conspóidí agus na fochonspóidí ar fad atá tagtha chun cinn san eagraíocht le hocht mí.

I measc na gceisteanna a bhí idir chamáin, bhí an íocaíocht a tugadh a d'iarStiúrthóir Airgeadais RTÉ Breda O'Keefe nuair a d'fhág sí an eagraíocht faoi scéim iomarcaíochta ceithre bliana ó shin.

Dhearbhaigh Príomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst inniu gur €450,000 a híocadh le Breda O'Keeffe.

Dúirt sé nach raibh a fhios aige féin ná ag go leor daoine eile in RTÉ gur tugadh íocaíocht iomarcaíochta do Breda O'Keeffe – is cuma cé mhéad a bhí ann – go dtí gur luaigh sí féin é ag éisteacht de choiste Oireachtais anuraidh.

Príomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst os comhair Choiste Meán an Oireachtais inniu

Dhearbhaigh Stiúrthóir Acmhainní Daonna RTÉ Eimear Cusack nár íocadh suim chomh mór le €450,000 le haon duine eile faoin scéim iomarcaíochta.

I dtuarascáil a chuir an comhlacht dlí McCann FitzGerald i dtoll a chéile, dúradh nach ndearna Bord Feidhmiúcháin RTÉ aon mheasúnú ar iarratas Breda O'Keeffe ar iomarcaíocht agus nár cheadaigh an bord é mar ba chóir de réir rialacha RTÉ.

Dúradh sa tuarascáil go ndearna Breda O'Keeffe cás gnó ar son an iomarcaíocht a cheadú di agus gur idir í féin agus Príomh-Stiúrthóir RTÉ ag an am Dee Forbes a pléadh an scéal.

De réir McCann FitzGerald, is ar RTÉ atá an milleán seachas ar Breda O'Keeffe faoi nár cloíodh le rialacha na heagraíochta ina cás siúd.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ