Tá sé fógartha ag an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart go bhfuil iarshaighdiúir in Arm na Breataine le cúiseamh i bhfear Caitliceach a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh ceathrar eile a dhúnmharú i mBéal Feirste i 1972.
Lámhachadh agus maraíodh Patrick McVeigh, 44 bliain d'aois, agus gortaíodh an ceathrar eile agus iad ag comhrá le chéile ar an tsráid i gceantar Bhaile Andarsan in iarthar Bhéal Feiste ar an 13 Bealtaine 1972.
Scaoileadh leo ó ghuaisteán a bhíothas a thiomáint tríd an gceantar ag an am agus chreid náisiúnaithe riamh gur saighdiúirí nó gníomhairí eile na Breataine a bhí sa ghluaisteán.
Bhí seal caite ag Patrick McVeigh é féin in Arm na Breataine.
Saighdiúir F atáthar a thabhairt ar an bhfear atá le cúiseamh ina dhúnmharú ach ní hionann é agus an Saighdiúir F atá le cur ar a thriail faoi bheirt a dhúnmharú i nDoire Domhnach na Fola.
Tá an Saighdiúir F a bhfuiltear ag trácht air inniu, chomh maith le triúr eile dá ngairtear Saighdiúirí B, C agus D, tá siad le cúiseamh i mbeirt Chaitliceach eile a lámhach agus in iarracht a dhéanamh iad a dhúnmharú an lá sular dúnmharaíodh Patrick McVeigh.
Nochtadh eolas nua faoi na hionsaithe lámhaigh i gclár faisnéise teilifíse a rinne an BBC in 2013.
Sa chlár sin tarraingíodh aird ar aonad faoi cheilt in Arm na Breataine dá ngaireadh an Military Reaction Force (MRF) agus d'admhaigh saighdiúirí ón aonad sin gur mharaigh siad daoine nach raibh armtha i mBéal Feirste i dtús na seachtóidí.
Chuir póilíní an Tuaiscirt tús le fiosrúchán nua faoi na hionsaithe lámhaigh i bhfianaise ar tháinig chun solais i gclár faisnéise an BBC.
D'fhógair an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí inniu chomh maith nach gcuirfí an dlí ar aon duine as ógánach ocht mbliana déag a dhúnmharú in iarthar Bhéal Feirste ceithre mhí i ndiaidh dhúnmharú Patrick McVeigh.
Lámhach agus mharaigh saighdiúirí ón MRF Daniel Rooney ar Bhóthar San Séamas ar an 26 Meán Fómhair 1972.
Bhí sé á rá ag náisiúnaithe riamh go raibh sceimhlitheoireacht den sórt seo ar bun ag stát na Breataine i gcaitheamh na coimhlinte sa Tuaisceart ó dheireadh na seascaidí i leith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ