skip to main content

An-ghlacadh le Kneecap ag Féile Scannán Sundance

Kneecap ag Féile Scannán Sundance in Utah inné
Kneecap ag Féile Scannán Sundance in Utah inné

Bhí an-ghlacadh leis an scannán Kneecap ag an gcéad taibhiú ag Féile Sundance in Utah sna Stáit Aontaithe inné.

Tuairiscítear gur thóg an lucht féachana na gártha molta ag deireadh an scannáin.

Scéal an ghrúpa rapcheoil as Béal Feirste Kneecap atá sa scannán – cad as ar tháinig siad, cad a spreag iad an chéad lá riamh, cé na cuspóirí a bhí acu agus mar sin díobh.

Ag labhairt dó le RTÉ inniu, dhearbhaigh léiritheoir Kneecap Trevor Birney go raibh an scannán ceannaithe ag an ollchomhlacht Sony Pictures Classics.

Dea-scéala thar na bearta atá ann, arsa sé, mar go bhfeicfear Kneecap i bpictiúrlanna ar fud an domhain dá bharr.

Tá sé geallta cheana féin an scannán a thaispeáint in 200 pictiúrlann ar fud na Stát Aontaithe an samhradh seo chugainn.

Tá Kneecap suite in iarthar Bhéal Feirste in 2019, an bhliain a bunaíodh an grúpa.

Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí triúr ball an ghrúpa agus bhí siad in Utah inné le haghaidh an chéad taibhiú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ