skip to main content

Oscar Pistorius saortha ón bpríosún

Oscar Pistorius sa chúirt-GETTY
Oscar Pistorius sa chúirt-GETTY

San Afraic Theas, tá an t-iar lúthchleasaí Oilimpeach, Oscar Pistorius saortha ón bpríosún.

Bhí sé ag cur a théarma isteach ó ciontaíodh é i lámhach Reeva Steenkamp, an cailín a raibh sé mór léi ag a theach cónaithe i Pretoria i 2013.

Á chosaint féin sa chúis ag an am, dúirt Pistorius (37) gur cheap sé gur duine éigin eile a bhí ag iarraidh briseadh isteach ina theach agus gur scaoil sé urchair leis le teann imní agus faitís.

Ciontaíodh é áfach sa marú agus gearradh téarma príosúin air.

Pistorius saortha ar pharúil

Scaoilte saor ar pharúil atá Pistorius agus beidh coinníollacha áirithe le comhlíonadh aige.