Tá an t-iriseoir cáiliúil de bhunadh na hAstráile John Pilger tar éis bháis in aois a cheithre bliana agus ceithre scór.
Iriseoir iniúchta ab ea John Pilger ar bronnadh go leor gradam air as ucht a chuid oibre.
Nocht sé, cuir i gcás, go leor de na huafáis a rinneadh sa Chambóid aimsir Pol Pot agus an Khmer Rouge.
Tharraing sé aird freisin ar an éagóir thar cuimse a rinneadh ar dhaoine a rugadh faoi smál an druga Thalidomide agus ar a dteaghlaigh.
Bhí sé fostaithe ag tráthanna éagsúla ag nuachtán an Daily Mirror agus ag an ngníomhaireacht nuachta Reuters, agus rinne sé roinnt clár teilifíse do World In Action ITV.
Dúirt muintir John Pilger gur inné i Londain a bhásaigh sé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ