Tá sé curtha i leith ag deartháir fhear de na gialla Iosraelacha a mharaigh arm Iosrael "de thimpist" i nGaza an tseachtain seo gur "thréig agus gur dhúnmharaigh" an tarm é.
"Iad siúd a thréig thú, dhúnmharaigh siad thú chomh maith, ainneoin go ndearna tú gach rud mar a ba cheart," a dúirt Ido Shamriz ag sochraid a dheartháir Alon Shamriz, 26 bliain d'aois, tráthnóna ag a shochraid i kibbutz Shefayim, ó thuaidh ó Tel Aviv,.
Bhí Alon Shamriz, ar dhuine de thriúr giall Iosraelach a mharaigh saighdiúirí Iosrael i mbruachbhaile Shejaiya, i gcathair Gaza, ainneoin go raibh brat bán ar iompar acu agus gur ghlaoigh siad amach in Eabhrais ag lorg cúnaimh.
Tá sé ráite ag arm Iosrael gur de bhotún a lámhachadh an triúr giall mar gur cheap na saighdiúirí gur bagairt iad agus gur chaith siad Alon Shamriz, Yotam Haim agus Samer El-Talalqa
Ina h-aitheasc cois uaighe, dúirt máthair Shamriz gur chaith a mac "70 lá in ifreann. Nóiméad amháin eile agus bheithfeá i mo bhachlainn agam."
Cuireadh Samer El-Talalqa inné agus beidh sochraid Yotam Haim ann amárach.