skip to main content

Lomscriosadh Gaza: 'ní bheidh an saol mar a bhí arís go brách'

Coirp na marbh ag Ospidéal An-Najjar, Rafah, Gaza, 7 Nollaig 2023
Coirp na marbh ag Ospidéal An-Najjar, Rafah, Gaza, 7 Nollaig 2023

Tá sé ráite ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres go gcreideann sé gur gearr go dtitfidh an t-ord poiblí in Gaza as a chéile ar fad mar gheall ar an ngéarchéim dhaonnúil atá ann.

Thug sé le fios freisin go mb'fhéidir nach mbeifí in ann cúrsaí a chur ina gceart arís go brách san iamhchríoch Phalaistíneach i ndiaidh an lomscriosta atá déanta ag na hIosraelaigh ann.

Tá Airteagal 99 de Chairt na Náisiún Aontaithe gairthe ag António Guterres i bhfianaise na héigeandála in Gaza, beart nach ndéantar ach go hannamh.

De réir Airteagal 99, tá sé d'údarás ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe aird na Comhairle Slándála a tharraingt ar aon imeacht a chreideann sé a d'fhéadfadh an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur i mbaol.

Ní cosúil, áfach, go mbeidh aon toradh nithiúil, beag ná mór, ar bheart António Guterres.

Go deimhin, tá an ghairm ar Airteagal 99 tar éis Rialtas Iosrael a chur le báiní agus dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Eli Cohen gurb é António Guterres atá ag cur na síochána agus na slándála idirnáisiúnta i mbaol.

Mhaígh Eli Cohen freisin go léiríonn an ghairm ar Airteagal 99 agus an achainí atá déanta ag António Guterres ar shos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza, go léiríonn siad araon go dtacaíonn an tArd-Rúnaí le Hamas.

É sin in ainneoin go bhfuil an t-ollmharú atá na hIosraelaigh a dhéanamh in Gaza agus an t-ocras atá siad a thabhairt do na Palaistínigh ann ag cur samhnas ar cheannairí idirnáisiúnta eile, gan trácht ar António Guterres.

Teifigh in Khan Younis ag teitheadh arís roimh na hIosraelaigh, 5 Nollaig 2023

Mar leis an gcomhrac de, tuairiscítear go bhfuil fórsaí Iosrael ag caitheamh lucht airm Hamas ar gcúl i gcathair Khan Younis i ndeisceart Gaza.

Creideann na hIosraelaigh go bhfuil duine de cheannairí Hamas Yahya Sinwar i bhfolach sa chathair agus tá sé ráite acu go bhfuil rún diongbháilte acu é a bhású.

Ach oiread le Palaistínigh Gaza, níl muintir an Bhruaigh Thiar saor ón mbrúidiúlacht.

Tá os cionn 250 duine maraithe sa Bhruach Thiar ag Arm Iosrael agus ag lonnaitheoirí Iosraelacha le dhá mhí.

Tá bonneagar sibhialta an phobail sa Bhruach Thiar á ionsaí freisin ag na lonnaitheoirí.

Cúpla lá ó shin, scrios drong acu scoil Phalaistíneach i sráidbhaile Zanuta a bhí maoinithe ag an Aontas Eorpach.

I gceann an mhéid sin, d'fhógair Rialtas Iosrael inné go rabhthas le 1,700 áras cónaithe nua a thógáil le haghaidh lonnaitheoirí Iosraelacha in oirthear Iarúsailéim, ar cuid í de chríocha na bPalaistíneach.

Tithe le haghaidh lonnaitheoirí Iosraelacha le tógáil in oirthear Iarúsaileim, 7 Nollaig 2023

16,000 duine ar a laghad atá maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le dhá mhí – 7,000 leanbh ina measc – in éiric an ruathair a thug Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.

Mharaigh lucht airm Hamas 1,200 duine an lá sin, sibhialtaigh a bhformhór agus leanaí ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ