Deir an chuideachta ollmhór sruthúcháin Spotify go mbeidh 1,500 duine - 17% den mheitheal iomlán - le ligean chun siúil acu.
Is ar mhaithe le costais a ghearradh atáthar á dhéanamh a deir siad, tar éis dóibh scaoileadh chun bealaigh le 600 ball foirne mí Eanáir agus 200 mí an Mheithimh.
Ghearr mórchuid cuideachtaí teicneolaíochta postanna tús na bliana, agus tá roinnt acu tosaithe ag gearradh líon a gcuid oibrithe aríst, de réir fhógraí ó Amazon agus ó LinkedIn, cuideachta de chuid Microsoft.
I litir a scríobh sé chuig an meitheal dúirt príomhfheidhmeannach Spotify Daniel Ek gur fhostaigh an chuideachta breis daoine i 2020 agus 2021, nuair a bhí costas ní ba ísle ar chaipiteal.
Tá borradh tagtha ar aschur Spotify, de bharr go raibh na h-acmhainní sa mbreis sin acu a deir sé.
Mí Dheireadh Fómhair 2022 d'fhógair Spotify go raibh Kinzen - cuideachta lonnaithe in Éirinn - ceannaithe acu le cuidiú leo ábhar díobhálach a aithint ar an ardán.
B’iad Mark Little agus Áine Kerr a bhunaigh Kinzen.
Ag freagairt ceiste ó Sheomra na Nuachta inniu faoi na hiarmhairtí a bheidh ag an ngearradh siar don mheitheal oibre in Éirinn, dhiúltaigh Spotify breis sonraí a thabhairt.
"Ní bheidh líon na ndaoine lena mbaineann an fógra seo á shonrú againn ar bhonn réigiúin" a dúirt siad.
Deir Spotify gur caillteanas atá rompu sa gceathrú ráithe in áit an bhrabúis a raibh súil leis.