Beidh Feisire Eorpach sa mbreis le toghadh mí an Mheithimh seo chugainn i dToghlach an Láir Tíre - an Iarthuaiscirt faoi mholadh atá déanta ag Coimisiún na dToghchán.

Ardóidh líon na suíochán sa toghcheantar ó 4 go 5 de bharr Chontae Laoise agus Contae Uíbh Fhailí a bheith á n-aistriú ó Thoghlach an Deiscirt.

14 Feisire feasta in áit 13 a bheidh á dtoghadh as Éirinn mar thoradh ar chinneadh ó Chomhairle na nAirí Rialtais san Eoraip mí Mheán an Fhómhair go raibh MEP sa mbreis ag gabháil chun na tíre seo ar bhonn daonra.

15 suíochán a bhí ag Éirinn go dtí gur laghdaíodh go 13 é i 2004.

Cathaoirleach Choimisiún na dToghchán, an Breitheamh ar an gCúirt Uachtarach Marie Baker, a d'fhógair na hathruithe agus a dheimhnigh nach mbeadh aon ghá le Toghlach Átha Cliath a leasú.

Caithfidh iarrthóirí a gcuid ainmneacha a bheith sa gcomhaireamh don vótáil faoi dheireadh mhí Eanáir.

Tá sé fógartha ag beirt fheisirí de chuid Fhine Gael - Frances Fitzgerald agus Deirdre Clune - nach mbeidh siad san iomaíocht.

Creidtear go gcuirfidh Sinn Féin beirt iarrthóirí sa gcoimhlint i ngach ceann den 3 thoghlach.

Meastar go láidir i bhFianna Fáil go bhfuil sé i gceist ag Barry Cowen TD tabhairt faoi fheachtas leis an suíochán nua Láir Tíre - Iarthuaiscirt a shaothrú don pháirtí sin.

Ach tá beirt eile le FF - an Seanadóir Lisa Chambers agus an Seanadóir Niall Blaney - ag cur spéise san deis agus iad tar éis a rá go bhfuil siad ag breithniú seasamh.