Deir arm Iosrael go bhfuil siad i mbun athbhreithnithe "ar eachtra i gceantar Jabalia" inné, ach níor thug siad tuilleadh sonraí.
Deir urlabhraithe ó údaráis sláinte Gaza gur maraíodh 80 duine inné i dhá ionsaí a rinne arm Iosrael ar champa teifeach Jabalia ó thuaidh de chathair Gaza.
Maraíodh ar a laghad 47 duine san ionsaí ar scoil Al Fakhoura de chuid na Náisiúin Aontaithe atá taobh istigh den champa teifeach.
"Radharcanna uafáis" a thug Philippe Lazzarini, ceannasaí Áisíneachta na Náisiúin Aontaithe do Theifigh Palaistíneacha ar an ionsaí.
Dúirt an Éigipt gur "coir chogaidh" a bhí san ionsaí.
Ba í seo an dara scoil a d'ionsaigh arm Iosrael in imeacht chúpla lá.