Cuirfidh an Fhrainc an dara long ospidéil agus breis soláthairtí leighis go Gaza, a deir an tUachtarán Emmanuel Macron.

Dúirt oifig an Uachtaráin Macron go gcuirfidh siad eitleán ar a mbeidh breis is 10 dtonna de sholáthairtí leighis chuig Stráice Gaza i dtús na seachtaine seo romhainn.

Tá sé i gceist chomh maith go gcabhróidh an Fhrainc le feachtas eitiltí leighis an Aontais Eorpaigh le daoine tinne a aistriú amach as Gaza.

Bainfidh an long ospidéil, an 'Dixmude,' ar a bhfuil áiseanna do heileacaptair, an Éigipt amach ó seo go ceann cúpla lá.

Tá an chéad long leighis, an 'Tonnerre,' a bhfuil 60 leaba agus dhá aonad obráide ar bord uirthi, ag feidhmiú sa limistéar cheana féin.