skip to main content

Níl SAM ag cur airm go hIosrael tríd an tSionainn: Leo Varadkar

"Níl Aerfort na Sionainne á úsáid ag arm Mheiriceá le airm a sholáthar do Iosrael," a deir Leo Varadkar
"Níl Aerfort na Sionainne á úsáid ag arm Mheiriceá le airm a sholáthar do Iosrael," a deir Leo Varadkar

Tá sé ráite ag an Taoiseach nach bhfuil arm Mheiriceá ag úsáid Aerfort na Sionainne le hairm a sholáthar do Iosrael.

Dúirt Leo Varadkar an méid sin ar an chlár The Week in Politics ar RTÉ inniu le linn plé ar rún a chuirfear faoi bhráid na Dála an tseachtain seo chugainn faoi úsáid Aerfort na Sionainne.

Dúirt an Taoiseach go n-aontaíonn sé le ráitis an fhreasúra a deir go bhfuil 'Tadhg an dá thaobhachas' ar bun ag roinnt tíortha maidir leis an chogadh idir Iosrael agus Hamas i gcomparáid lena ndearcadh faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin.