Tá 31 naíonán a bhfuil "fíor dhroch bhail" orthu aistrithe amach as ospidéal Al-Shifa i nGaza agus ar a mbealach chuig an Éigipt.

Dúirt stiúrthóir na n-osipdéal uilig i nGaza, Mohammed Zaqut, leis an áisíneacht nuachta AFP gur aistríodh gach ceann de na 31 naíonán amach as Al-Shifa, chomh maith le triúr dochtúir agus beirt altra, agus go bhfuiltear anois ag déanamh socruithe chun iad thabhairt thar teorainn chuig an Éigipt tríd thrasnú Rafah.

Is "crios báis" é an t-ospidéal is mó i nGaza, a deir na Náisiúin Aontaithe faoi ospidéal Al-Shifa atá anois faoi smacht arm Iosrael.

Tá na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Sláinte Domhanda tosaithe ag bogadh othair amach as an ospidéal ós rud é nach féidir a sábháilteacht a chinntiú níos mó, ó tháinig arm Iosrael isteach ann an tseachtain seo.

Deir arm Iosrael go gcreideann siad go bhfuil bunáit ag Hamas in íoslach an ospidéil agus gurb é sin an chúis a bhfuil siad ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an fhoirgneamh.

Séanann Hamas agus foireann Al-Shifa go bhfuil trodaithe i bhfolach san ospidéal agus ní léir gur aimsigh arm Iosrael aon trodaí go fóill.

Ionadaithe ó na Náisiúin Aontaithe agus ón Eagraíocht Sláinte Domanda i mbun plé le dochtúirí in ospidéal Al-Shifa aréir

Níos luaithe an tseachtain seo b'éigean daoine a bhásaigh san ospidéal a chur in uaigh ollmhór in aice leis an mbealach isteach.

Cheil arm Iosrael leictreachas agus breosla ar an fhoirgneamh. B'éigean don fhoireann na goradáin do leanaí nuabheirthe a mhúchadh de bharr nach raibh soláthar ocsaigine ann leis an trealamh a fheidhmiú.

Inné theith na céadta duine as an ospidéal ar ordú ó arm Iosrael - cuid acu ar othair iad agus cuid eile a bhí ar foscadh ón chogaíocht thart timpeall orthu.

Deir an eagraíocht Médecins Sans Frontières gur ionsaíodh slógadh feithiclí a bhí ag iompar baill foirne an osipidéil agus a dteaghlaigh, le linn dóibh a bheith ag imeacht as Al-Shifa, ainneoin go raibh socrú déanta leis an dá thaobh. Maraíodh duine amháin san ionsaí.

Meastar go bhfuil 300 othar agus 25 ball foirne fágtha san ospidéal anois.

Deir an Eagraíocht Sláinte Domhanda go bhfuil 29 othar a bhfuil gortuithe droma orthu agus nach féidir leo bogadh gan cúnamh, ina measc siúd, chomh maith le daoine eile a bhfuil cneácha tromchúiseacha orthu de bharr easpa antaibheathaigh.