skip to main content

Príosún saoil gearrtha ar Yousef Palani faoi mharú Aidan Moffitt agus Michael Snee

23 bliain d'aois atá Yousef Palani.
23 bliain d'aois atá Yousef Palani.

Tá príosún saoil gearrtha ar Yousef Palani ar dhúnmharú Aidan Moffitt agus Michael Snee i Sligeach.

Gearadh 20 bliain príosúin freisin air as Anthony Burke a ionsaí.

Ó mhí an Aibreáin 2022 a churfar i bhfeidhm an pionós ar Yousef Palani.

Ó gabhadh an t-am sin é tá sé faoi choinneáil.

Bhíodh sé ina chónaí in Arda Markievicz i mbaile Shligigh. San Iaráic a rugadh é ach tá sé in Éirinn ó bhí sé 6 bliana d'aois.

Léiríodh sa gcúirt gur fuath ar fhir aeracha a spreag Yousef Palani.

Baineadh an cloigeann de dhuine de na fir. Sáthadh 43 uair é.

Sáthadh an fear eile a maraíodh 25 uair, sa gcloigeann, san muineál agus sa gcliabhrach den chuid is mó.

Chaill an tríú fear leathshúil nuair a sháigh Palani é.

Tugadh fianaise sa gcúirt go ndeachaigh sé sa tóir ar fhir aeracha ina gcónaí astu féin. Tugadh fianaise go raibh dúil aisteach aige na fir a cheangailt le rópa.

Rug na Gardaí air tar éis dóibh foláireamh a chur amach ar aipeanna geana nuair a facthas é ar an aip sa gcomharsanacht achar gearr i ndiaidh d'ionsaí tarlú.

An té a hionsaíodh ach nár maraíodh a bhí in ann a thaispeáint do na Gardaí go raibh an té ba chúis lena fhágáil ar leathshúil ag baint leas as an aip i bhfoiscíocht 500 méadar den láthair nuair a maraíodh an dara fear.

Michael Snee (58) agus Aidan Moffitt (42)

Phléadáil Yousef Palani ciontach mí an Mheithimh i ndúnmharú Aidan Moffitt, an 10ú Aibreán anuraidh.

Phléadáil sé ciontach freisin i ndúnmharú Michael Snee, an 12ú.

Phléadáil sé ciontach chomh maith in ionsaí a dhéanamh ar Anthony Burke, fear leithchéad bliain d'aois, an 9ú Aibrean.