skip to main content

Buiséad 2024: achoimre ar na príomhbheartais

Michael McGrath agus Paschal Donohoe
Michael McGrath agus Paschal Donohoe

D'fhógair an tAire Airgeadais agus an tAire Caiteachais Phoiblí araon Buiséad 2024 i nDáil Éireann inniu.

Ag thart ar 1 a chlog tráthnóna, chruinnigh roinnt d'Oireachtas Éireann i dTeach Laighean. Tháinig siad isteach i seomra na Dála an bheirt Airí Rialtais. D'éist an gheoin. Bioraíodh cluasa agus chrom an dís ar a gcúram.

Tar éis go raibh coinne lena lán dár fhógair Michael McGrath agus Paschal Donohoe, tuigeadh go maith do dhaoine go bhféadfadh údar iontais nó dhó a bheith sna mionsonraí fós.

Ar a shon sin, ba léir ón méid a sceitheadh gur ag díríú ar airgead boise a chur i bpócaí agus i sparáin an phobail a bheifí, cé nach ar an bpointe boise a bhainfeadh daoine sochar as an bhfialmhaireacht.

Seo cuid den chuid ba shuntasaí a d'fhógair an bheirt Airí:

- an t-íosphá náisiúnta le hardú ó €11.30 go dtí €12.70 ón 1 Eanáir

- an t-ioncam a ngearrtar an ráta cánach is airde air le hardú ó €40,000 go dtí €42,000

- an Muirear Sóisialta Uilíoch le laghdú ó 4.5% go dtí 4%

- an t-ioncam a ngearrtar Muirear Sóisialta Uilíoch air le hardú ó €22,920 go dtí €25,760

- ciste €250 milliún le tacú le 130,000 gnólacht beag agus meánmhéide

- trí chreidmheas fuinnimh a mbeidh luach €150 an ceann iontu le lamháil do líonta tí as seo go hAibreán

- ardú €12 ar íocaíochtaí seachtainiúla leasa shóisialta ó Eanáir seo chugainn

- íocaíocht aon uaire €300 le haghaidh daoine a fhaigheann an Liúntas Breosla

- íocaíocht aon uaire €200 lena n-aghaidh siúd atá ina gcónaí ina n-aonar

- íocaíocht dhúbailte leasa shóisialta agus pinsin i ndiaidh na Nollag

- íocaíocht aon uaire €400 le haghaidh daoine a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht, an Liúntas Cúramóra agus an Liúntas Míchumais.

- faoiseamh cánach suas le €1,250 ar ús morgáiste le haghaidh daoine a bhfuil iarmhéid morgáiste idir €80,000 agus €500,000 acu

- an Creidmheas Cánach Cíosa le haghaidh tionóntaí le hardú ó €500 go dtí €750

- faoiseamh cánach €600 le lamháil do thiarnaí talún

- íocaíocht dhúbailte aon uaire roimh an Nollaig le haghaidh daoine a fhaigheann Sochar Linbh

- íocaíocht aon uaire €100 le haghaidh daoine a fhaigheann an Íocaíocht i leith Leanbh Cáilithe, ar tuismitheoirí aonair a mbunáite

- lacáiste iompair phoiblí 50% le cur ar fáil do dhaoine atá 24 agus 25 bliain d'aois

- praghas paicéad scór toitíní le hardú 75 cent ón meán oíche

- cáin ar tháirgí vápála le fógairt sa chéad Bhúiséad eile (2025)

- leabhair scoile saor in aisce sna chéad trí bliana den scolaíocht dara leibhéal ó Mheán Fómhair 2024

- táillí oideachais tríú leibhéal le laghdú 50% ó €3,000 go dtí €1,500 i gcás teaghlach a bhfuil ioncam níos lú ná €100,000 acu, laghdú €1,000 i gcás teaghlach a bhfuil ioncam níos mó ná sin acu

- suas le 1,000 earcach nua sa Gharda Síochána agus ardú ar an liúntas traenála a fhaigheann siad

- €26 milliún breise i gcomhair ciste ragoibre an Gharda Síochána

- Ionad Bairr Feabhais i gcomhair Aonad Gadhar an Gharda Síochána le bunú i mBaile Átha Cliath

- maoiniú breise i gcomhair Chúltaca an Gharda Síochána

- Ciste Bonneagar, Aeráide agus Nádúir le bunú a gcuirfear €2 bhilliún ann gach bliain as seo gceann seacht mbliana

- an cháin charbóin le hardú ó €48.50 go dtí €56

- mar atá faoi láthair, ní ghearrfar Cáin Bhreisluacha ar phainéil ghréine

- síneadh le cur leis an bhfaoiseamh cánach ar fheithliclí leictreacha nua.

Agus deireadh ráite ag an mbeirt Airí Rialtais, d'éirigh dordmhonabhar as measc na mbinsí, ardaíodh glórtha daonna agus d'ullmhaigh lucht an fhreasúra iad féin i gcomhair na díospóireachta agus an allagair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ