skip to main content

Tánaiste rannpháirteach i gcruinniú urghnách i gCív

Micheál Martin in éineacht le toscairí eile i gCív ar maidin inniu
Micheál Martin in éineacht le toscairí eile i gCív ar maidin inniu

Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, ag freastal ar chruinniú urghnách de Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh atá ar siúl i bpríomhchathair na hÚcráine, Cív.

Is go folaitheach i gcoim na hoíche ar thraein as an bPolainn a chuaigh an Tánaiste agus toscairí ó thíortha eile go Cív.

Go deimhin, tá Airí Gnóthaí Eachtracha uile an Aontais Eorpaigh ag freastal ar an gcruinniú urghnách.

Mhaígh an Tánaiste gur solaoid thábhachtach cuairt na nAirí ar an tacaíocht atá an tAontas Eorpach a thabhairt do mhuintir na hÚcráine agus iad ag cur i gcoinne ionradh na Rúise ar a dtír.

Beidh comhráite ag na hAirí le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky agus le hAire Gnóthaí Eachtracha na tíre Dmytro Kuleba.

Roimh na cainteanna, dúirt Micheál Martin go raibh ionradh na Rúiseach ar an Úcráin mídhleathach agus mímhorálta agus mhaígh sé go raibh Cairt na Náisiún Aontaithe sáraithe go neamhnáireach acu.

Thug sé le fios freisin go mbeifí ag díriú sna cainteanna ar thacaíocht eacnamaíochta agus míleata a choimeád leis an Úcráin as seo go ceann roinnt blianta.

Pléifear freisin, arsa an Tánaiste, iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, iarratas a dtacaíonn Rialtas na hÉireann leis.

Thug sé le fios go labhródh sé chomh maith ar an oiliúint atá Óglaigh na hÉireann le cur ar shaighdiúirí Úcránacha maidir le mianaigh a bhaint óna chéile, cóireáil leighis a chur ar dhaoine a leontar ar an láthair chatha agus "scileanna neamh-mharfacha" eile.

Robert Fico

Tá dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh scaoilte beagán, áfach, ó bhuaigh polaiteoir a bhfuil dáimh aige leis an Rúis an t-olltoghchán sa tSlóvaic ar an deireadh seachtaine.

Tá sé tugtha le fios cheana ag an bpolaiteoir, Robert Fico, go n-éireodh sé as airm a dhíol leis an Úcráin dá dtoghfaí é.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ