Tugadh fear 23 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Chora Droma Rúisc i gCo Liatroma inniu agus roinnt cionta curtha ina leith i dtaca le heachtra tráchta bóthair i gCo Dhún na nGall Dé Sathairn seo caite inar maraíodh buachaill naoi mbliana.

Maraíodh Rónán Wilson as Cill Dreas, Co Thír Eoghain, nuair a bhuail gluaisteán é i mBun Dobhráin ag thart ar 7.15 tráthnóna Dé Sathairn.

Theith tiománaí an ghluaisteáin ó láthair na heachtra agus bhí na Gardaí sa tóir air ó shin.

Dúirt Garda sa chúirt inniu gur cuireadh i leith Serge Kelly as an Mullach Mór Uachtarach, Cliafuine, Co Shligigh, gur cuireadh ina leith i Stáisiún Gardaí Bhéal Átha Seanaidh tráthnóna inné nár fhan sé ag láthair na heachtra agus nár lorg sé fóirithint ar son Rónáin Wilson.

Scaoileadh saor ar bannaí Serge Kelly ar chuntar go dtabharfadh sé a phas ar láimh, go síneodh sé an leabhar i Stáisiún Gardaí Bhéal Átha Seanaidh trí huaire sa tseachtain agus nach bhféachfadh sé le cumarsáid a dhéanamh le finnéithe an ionchúisimh sa chás.

Tá sé le teacht os comhair Chúirt Dúiche Bhéal Átha Seanaidh ar an 20 Deireadh Fómhair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ