Tá idir dhath agus thréine an fhógra fearthainne don lá amárach athraithe ag Met Éireann chomh fada agus a bhaineann sé le hiardheisceart na tíre.

Fógra flannbhuí thar fhógra buí atá anois ann agus ionchas ag na meitéareolaithe le frasa fearthainne níos troime ná a mar a bhí siad a réamhaisnéis roimhe seo.

Idir 9 a chlog ar maidin amárach agus 3 a chlog tráthnóna amárach, tifidh an bháisteach ina tulcaí i gCiarraí agus i gCorcaigh thar aon áit eile sa tír.

Buí atá an fógra fearthainne atá tugtha maidir le hocht gcinn de chontaetha eile i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean, mar atá, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Baile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge, Ciarraí agus Corcaigh.

I dtaca leis an ngaoth, is fógra buí atá ann i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean.

Beidh feidhm leis an dá fhógra buí úd idir 7 a chlog ar maidin amárach agus an meán oíche amárach.

Tá na húdaráis áitiúla ar fuireachas ar eagla go ndéanfadh na scártha gaoithe damáiste do bhonneagar agus go mbeadh fuarlaigh in áiteanna.

Níl dul i bhfolach ar na dúile, áfach, agus glactar leis go leagfar crainn agus go mbeidh bóithre faoi uisce, go háirithe cois cósta.

Deirtear freisin nach mbeidh tiománaithe in ann feiceáil i bhfad uathu in amanna.

Ar a shon sin, deir Met Éireann nach "anfa apacailipteach" a bheas ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ