Beidh roinnt mhaith naíolann agus altralann dúnta ar feadh trí lá ó inniu mar chuid d'agóid na n-úinéirí faoi easpa maoinithe – dar leo – ón Stát.
Is baill iad na húinéirí den Chónaidhm Sholáthraithe Luath-Óige agus beidh siad féin, a gcuid fostaithe agus neart tuismitheoirí ag agóidíocht taobh amuigh de Theach Laighean inniu lena míshásamh a chur in iúl don Rialtas.
Beidh léirsithe áitiúla ar fud na tíre amárach agus amanathar.
Tá thart ar 1,500 ball ag an gCónaidhm Sholáthraithe Luath-Óige agus tá sé á mhaíomh ag cathaoirleach na heagraíochta Elaine Dunne go bhfuil naíolanna á ndúnadh go buan cheal maoinithe.
I ráiteas, thug an Roinn Leanaí le fios go bhfuarthas fógra ó 64 ionad cúraim go mbeidís dúnta an tseachtain seo.
Dúradh, áfach, mura raibh fógra tugtha in am go bhféadfaí íocaíochtaí a choinneáil siar san am atá le teacht.
Ina cheann sin, dúirt an tAire Leanaí Roderic O'Gorman go raibh an-díomá air go raibh naíolanna dúnta an tseachtain seo.
Ghlac sé leis, arsa sé, nach ndearnadh dóthain infheistíochta riamh san earnáil luath-óige ach mhaígh sé go raibh an-dul chun cinn déanta ó thaobh maoinithe de le trí bliana.
In imeacht na dtrí bliana sin, a dúirt sé, mhéadaigh infheistíocht an Stáit san earnáil 60%, sin luach €400 milliún.
Go bhfios dósan, arsa an Gormánach, ní raibh gair na gaobhar ag aon earnáil eile air i gcaitheamh an ama sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ