Ghabh na húdaráis seilbh ar lastlong sa Mhuir Cheilteach inniu mar chuid d'fhiosrúchán faoi smuigleáil tras-náisiúnta drugaí.
Chuaigh Gardaí, comhaltaí den tSeirbhís Chabhlaigh agus fianóglaigh ón Arm, chuaigh siad ar bord na loinge amach ó chósta Chorcaí nuair nár ghlac an criú le treoir uathu.
Deir na Gardaí go bhfuil lear mór drugaí ar bord na loinge, an MV Matthew, atá cláraithe i bPanama.
Tá triúr fear a bhí ar an long gafa agus tá siad á gceistiú i stáisiúin Ghardaí i Loch Garman.
60, 50 agus 31 bliain d'aois atá an triúr fear.
Tá an soitheach á tionlacan go Calafort Chorcaí faoi láthair, mar a gcuirfear i ngabhann í.
Tá beirt fhear eile gafa cheana féin ag na Gardaí ar amhras go raibh siad ag smuigleáil drugaí tar éis do bhád na bhfear dul ar oitir amach ó Loch Garman tráthnóna arú inné.
Sasanach is ea duine de na fir agus is as oirthear na hEorpa an duine eile.
Tá an trálaer fós ina suí ar an oitir thart ar dhá chiliméadar déag ó thuaidh ó Ros Láir agus tá idir an Garda Síochána, an Garda Cósta, an tSeirbhís Chabhlaigh, an tAerchór agus na Coimisinéirí Ioncaim agus Custam bainteach leis an scéal.
Ní féidir an soitheach a bhogadh ná a tharraingt i dtír ar cheann téide fós mar gheall ar an ngaoth mhór agus an mórtas farraige.

Nuair a chuaigh an trálaer ar an oitir tráthnóna Dé Domhnaigh, ceapadh ar an gcéad dul síos gur scéal tarrthála a bhí ann.
Chuaigh héileacaptar tarrthála an R117 go dtí an láthair agus tugadh na fir den bhád ar unlas.
Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin, áfach, gur chreid na Gardaí go raibh lasta mór cócaoin ar an mbád.
Tá cuid den bhád briste agus an smionagar ag imeacht le sruth, ach ní fhacthas aon drugaí san fharraige fós.
Chomh maith leis na drugaí, táthar imníoch go bhféadfadh ola sceitheadh as an trálaer agus an fharraige a thruailliú.
Tá an bheirt fhear a tógadh á gceistiú i stáisiún Gardaí i Loch Garman.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ