Cuisle na Cathrach a tugadh, agus a thugtar go fóill ar an stáisiún deonach raidió Gaeilge,Raidió na Life.

Inniu atá an stáisiún ag ceiliúradh a bhreithlá agus é 30 bliain ar an bhfód.

I Meán Fómhair 1993 a chuaigh an stáisiún ar an aer den chéad uair.

Is iomaí craoltóir atá cáiliúil aitheanta inniu a fuair a chéad deis sna meáin ó bheith ag obair leis an raidió i gcaitheamh na mblianta.

Áirithe ina measc sin tá an léitheoir nuachta Sharon Ní Bheoláin,iar-Chomhfhreagraí Ealaíon agus na Meán le RTÉ,Sinéad Crowley agus an clár reachtaire le Raidió na Gaeltachta,Fachtna Ó Drisceoil.