'Tá caighdeán an aeir go ginearálta go maith in Éirinn cé go bhfuil imní léirithe faoi ghníomhartha áirithe i gceantair ar leith, go háirithe bailte móra agus cathracha '.
Bhí an méid sin le rá i dtuarascáil ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA).
Léirítear sa cháipéis gur shásaigh Éirinn coinniollacha dlí an Aontais Eorpaigh (AE)ar fad ina leith seo anuraidh.
Ach deirtear freisin gur theip ar an tír coinníollacha níos géire atá leagtha síos ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte(WHO) a shásamh.

Ábhair as breosla soladach a úsáidtear i dtéamh tithe cónaithe chomh maith leis an truailliú a thagann de bharr chúrsaí tráchta a chothaíonn na príomh-fhadhbanna a dúradh.
Tá an fhianaise ann áfach go bhfuil an beagán is lú truaillithe in ann damáiste a dhéanamh do shláinte an duine, fiú amháin é a chur den tsaol ar fad.
In agallamh le RTÉ Raidió ma Gaeltachta tráthnóna,dúírt iar-Stiúrthóir leis an EPA,Micheál Ó Cinnéide go gcaithfear athruithe a dhéanamh chun an WHO a shásamh, ina measc painéil ghréine ar dhíon an tí agus a chinntiú go bhfuil neart deiseanna iompar poiblí ann ionas nach gcaithfidh daoine braith ar charr an t-am uilig.
Iarrann sé freisin breis lánaí rothaiochta a fheistiú ar fud na háite.
'Tá rol ansin ag chuile chomhairle contae agus cathrach sa tír' a dúirt Ó Cinnéide.
Tá súil ag an tír a bheith ag comhlíonadh na riachtanas ar fad atá ag an WHO faoi 2040 agus spriocanna eatramhacha a bhaint amach sna blianta 2026 agus 2030.