Ón 17ú lá den mhí seo chugainn tá sé i gceist ag oibrithe in eagraíochtaí pobail agus deonacha atá á maoiniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) agus áisíneachtaí stáit.dul i mbun stailce.
Ní fios ag an bpointe seo cá fhaid a mhairfidh an stailc.
Deir Comhdháil na gCeardchumann (ICTU) go mbainfidh sé seo leis na mílte oibrí sláinte agus pobail a bhfuil gráid éagsúla bainte amach acu ina gcuid gairmeacha.
Tá sé tagtha chun cinn a bhuíochas den bhallóid a rinneadh ar oibrithe ina gceardchumainn éagsúla; Fórsa,Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) agus SIPTU.
Theip ar chainteanna réitigh sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre i mí Iúil.

Pá agus earcaíocht is mó atá ag dó na geirbe do lucht na stailce.
Deir ICTU go bhfaigheann oibrithe atá ag obair d'áisíneachtaí atá maoinithe ag an HSE níos lú airgid ná na fostaithe atá á bhfostú ag an HSE go díreach.
Deir an Roinn Sláinte nach faoin Rialtas atá sé a bheith ag socrú na rátaí pá d'eagraíochtaí atá faoi úinéireacht phríobhaideach agus dá réir nach mbaineann an scéal léi.
Ní bheidh aon seirbhís á sholáthar ag na hoibrithe seo ar an 17ú Deireadh Fómhair ná is baolach sna laethanta a leanann é mura réitítear an t-aighneas.
Beidh na heagraíochtaí seo a leanas buailte ag an stailc,Enable Ireland, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann agus ionaid acmhainní clainne i measc chinn eile.