Níl aon gheallúint tugtha ag Cónaidhm na nOspidéal Príobháideach go mbeidh sí in ann iarratas atá tagtha ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) a chomhlíonadh.
Deir an chónaidhm áfach go ndéanfaidh sí a machnamh ar éileamh an HSE.
Bhraith sí áfach nár tugadh mórán de réamhfhógra di i dtaca le freastal ar riachtanas an HSE.
Níl sé ach seachtain ó shin ó shocraigh tascfhórsa rannóg éigeandála na n-ospidéal poiblí atá faoi choimirce an HSE, iarratas a chur faoi bhráid Chónaidhm na nOspidéal Príobháideach.
Iarradh sa chomhfhreagras an bhféadfadh an HSE teacht i dtír ar spás sna hospidéil phríobháideacha ó am go chéile dá mbeadh na hospidéil phoiblí faoi bhrú i rith an Gheimhridh seo ag teacht.
Tuigtear go bhfaighidh an HSE freagra ar a iarratas in am tráth.
Tá sé ráite ag urlabhraí le Sinn Féin ar chúrsaí sláinte,David Cullinane go bhfuil teipthe go hiomlán ar an Rialtas dul i ngleic leis an ró-phlódú sna rannóga éigeandála.